Fúinne
Seirbhís Ghréasáin atá i FreeTrade Ireland a dearadh chun athúsáid earraí teaghlaigh agus gnó a éascú agus a spreagadh.
Forbraíodh an tseirbhís seo ón bhfeidhmchlár Dublin Free Trade atá ag oibriú go rathúil ó 2006 i leith, agus is seirbhís shaor in aisce í a bhfuil teacht ag gach duine uirthi.
Beidh an tseirbhís á forleathnú ar fud na tíre mar aitheantas ar a éifeachtúla is atá sí ó thaobh:
- An timpeallacht a chosaint trí athúsáid earraí
- Costais ar úsáideoirí i dtaobh diúscairt dramhaíola a laghdú
- Úsáid bharrmhaith as acmhainní teaghlaigh agus gnó a spreagadh
- Cur le saolré agus luach earraí trí athúsáid
- Cabhrú le saoránaigh in Éirinn stíl bheatha níos inbhuanaithe a bheith acu.
- Iompar daoine a athrú maidir le bainistiú dramhaíola.
Tionscnamh poiblí is ea FreeTrade Ireland. Cuireadh an suíomh Gréasáin ar bun le maoiniú ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus tá sé á mhaoiniú go leanúnach ag Údaráis Áitiúla in Éirinn.
I measc ghnéithe FreeTrade Ireland tá:
- Réimsí tiomnaithe d’earraí atá á n-iarraidh agus á dtairiscint, d'earraí teaghlaigh agus gnó;
- Liostaí cuimsitheacha de chatagóirí agus fochatagóirí earraí lena chinntiú gur féidir teacht ar eolas gan stró;
- Cineálacha cuntais sonracha ‘teaghlaigh' agus 'gnó' le freastal ar riachtanais úsáideoirí de chineálacha éagsúla;
- Feidhmchláir mhapála agus roghnaithe bealaí idirghníomhacha a úsáid le cabhrú le húsáideoirí an suíomh atá ag earraí éagsúla ar fud na tíre a aimsiú go cruinn;
Gnéithe slándála cothrom le dáta.


