Freetrade
Freetrade

Item Search (?)

Refine Your Search

050511

Items reused on Free Trade

Our real time counter keeps track of the number of items reused through FreeTrade Ireland.

Department of the Environment, Heritage and Local Government

Funded by the Local Authorities of Ireland

 

Cabhair


C1. Cad is Free Trade Ireland ann?

C2. Conas a oibríonn sé?

C3. Conas a a dhéanfaidh mé cuardach le haghaidh earra?

C4. Conas a chláróidh mé agus a thosóidh mé?

C5. Conas a phostálfaidh mé fógra faoi earra?

C6. Conas a chuirfidh mé earraí ar aghaidh go sábháilte?

C7. Conas a bhunaím cuardach sábháilte?

C8. Cé a bhainfidh leas as Free Trade Ireland?

C9. An féidir liom earraí a phostáil le díol?

C10. An féidir ainmhithe nó peataí a phostáil ar an suíomh gréasáin?


C1. Cad is Free Trade Ireland ann?

Is éard atá in Free Trade Ireland ná seirbhís nuálach bunaithe ar an nGréasán atá á forbairt, seirbhís a spreagfaidh agus a éascóidh athúsáid earraí teaghlaigh agus gnó nuair a sheolfar í.   

Tá an feidhmchlár bunaithe ar choincheap simplí atá ag oibriú go rathúil i mBaile Átha Cliath ó 2006 i leith. Forbróidh an suíomh Gréasán náisiúnta an taithí a fuarthas i mBaile Átha Cliath agus méadófar gnéithe na seirbhíse ag cinntiú ag an am céanna go mbeidh teacht ag gach duine uirthi.   Tá sé beartaithe go mbeidh an tseirbhís nua beo i Meitheamh 2010.  


C2. Conas a oibríonn sé?

Beidh Free Trade Ireland simplí agus éasca le húsáid  Beidh ar úsáideoirí ar mian leo earra a fhógairt a bheith ina mball den suíomh.  Is féidir sonraí earraí a phostáil trí roinnt céimeanna simplí i dtimpeallacht shlán ó thaobh an úsáideora.  

A luaithe agus a bheidh siad uaslódáilte, beidh postálacha earraí ar fáil ar an suíomh Gréasáin ionas gur féidir le húsáideoirí féachaint orthu.  Beidh aon duine a bhfuil suim acu in aon earra in ann teagmháil a dhéanamh leis an mball ag úsáid na sonraí atá ar taispeáint.   Ní chaithfidh úsáideoirí atá ag brabhsáil ar an suíomh a bheith ina mball den suíomh Gréasáin.  

Beifear in ann an tseirbhís a úsáid saor in aisce agus caithfear na hearraí ar fad a bheidh fógartha ar an tseirbhís a thairiscint saor in aisce. 


C3. Conas a a dhéanfaidh mé cuardach le haghaidh earra?

Ní fhéadfadh sé a bheith níos fusa an t-earra atá uait ar Free Trade Ireland a aimsiú.

• Úsáid an roghchlár ‘Item Search’ atá sa chúinne ag barr do scáileáin ar chlé. 

• Cuir isteach do chritéir chuardaigh; ag roghnú na catagóire ábhartha don chineál earra atá tú ag cuardach.

• Tá sé tábhachtach do shuíomh agus a fhaid agus atá tú sásta taisteal chun earraí a phiocadh suas a lua freisin.

• Cliceáil “Search” nuair a bheidh na réimsí ar fad comhlánaithe agat.

• Mura bhfuil earra ar leith uait is féidir leat “All” a roghnú i réimsí áirithe chun liosta níos leithne earraí a ghiniúint.

• Nó, d’fhéadfá an cuardaigh “Keywords" a úsáid chun liosta earraí a ghiniúint atá díreach mar an gcéanna leis na critéir chuardaigh a chuir tú isteach.

• Ginfear liosta earraí le do chritéir chuardaigh a mheaitseáil.  Déanfar an taispeáint torthaí a mhapáil agus bratacha gorma agus uaine orthu.  Bainfear úsáid as bratach dhearg chun do suíomh a thaispeáint.  Taispeánfar liosta de na torthaí seo ar an mapa thíos freisin.

• Chun féachaint ar shonraí breise an earra cliceáil ar an mbratach ábhartha sa mhapa nó ar an nasc a liostaítear. 


C4. Conas a chláróidh mé agus a thosóidh mé?

Má chláraíonn tú le FreeTrade Ireland beidh an deis agatsa nó ag do ghnó earraí gan iarraidh a fhógairt d’úsáideoirí eile saor in aisce.

Is féidir clárú gan dua mar atá leagtha amach sna céimeanna seo a leanas.

• Ar an leathanach clárúcháin, roghnaigh an cineál cuntais ba mhian leat a shocrú suas i.e cuntas teaghlaigh nó gnó.

• Comhlánaigh cibé réimse is gá.  Is réimse éigeantach réimse ar bith a bhfuil réiltín air (*).

• Léigh tríd an gcomhaontú d'úsáideoirí agus cuir tic sa bhosca cuí. 

• Cliceáil ar an gcnaipe cruthaigh cuntais chun an próiseas a chríochnú.

• Cuirfear r-phost chuig do chuntas chun an próiseas clárúcháin a bhailíochtú agus beidh ort cliceáil ar nasc chun do chuntas a ghníomhachtú.

• Tá tú cláraithe anois agus tá do chuntas socruithe suas agus is féidir leat a thosú ag postáil fógraí faoi earraí.

• Cuimhnigh d'ainm úsáideora agus pasfhocal a choinneáil sábháilte.


C5. Conas a phostálfaidh mé fógra faoi earra?

Is próiseas  simplí é earraí a phostáil ar Free Trade Ireland.  

Mí mór d’úsáideoirí nua clárú le Free Trade Ireland. Déantar é seo tríd na réimsí ábhartha a chomhlánú ar an leathanach clárúcháin agus an t-eolas a chur isteach.  A luaithe agus a bheidh do chuntas gníomhachtaithe agat is féidir leat tosú le hearraí a phostáil.  
 
• Nuair atá tú logáilte isteach cliceáil ar "Add an item" ar dheais do chuntais.

• Iarrfar ort ansin sonraí an earra nó na n-earraí ba mhian leat a fhógairt ar FreeTrade Ireland a chur isteach.

• Teastaíonn sonraí faoin gcineál earra, faoin mbail atá air, agus cúpla focail ina  gcuirtear síos air. 

• Níl sé  éigeantach grianghraif den earra seo a uaslódáil ach is iondúil go gcuirtear earraí a bhfuil grianghraif díobh ar aghaidh níos tapa agus d’fhéadfaidís a bheith ar an leathanach baile chomh maith.

• Má bhíonn níos mó ná earra amháin agat cliceáil ar "Add another item” chun na sonraí don chéad earra eile a chomhlánú.

• A luaithe agus a bheidh sonraí na n-earraí ar fad uaslódáilte téigh go dtí an chéad chéim eile agus comhlánaigh na sonraí faoi shuíomh an láithreáin do gach earra. 

• Tá  FreeTrade Ireland réamhshocraithe le dul go huathoibríoch chuig  na sonraí suímh a cuireadh ar fáil nuair a chláraigh tú.  Is féidir glacadh leis seo nó é a athrú.

• Cuir sonraí teagmhála agus bailithe gur cuma leat a thaispeáint ar fáil le do thoil.  Cosnóidh FreeTrade Ireland seoltaí r-phoist úsáideoirí ar ghalair gharbha turscair agus ar fhabhtanna atá cosúil leo.

• Sábháil an t-eolas a luaithe agus a bheidh gach rud comhlánaithe agus postálfar an t-earra/na hearraí ar an suíomh Gréasáin go huathoibríoch.

 


C6. Conas a chuirfidh mé earraí ar aghaidh go sábháilte?

Molann foireann bhainistíochta FreeTrade Ireland d’úsáideoirí an tsuímh Ghréasáin a bheith ciallmhar agus earraí á gcur ar aghaidh acu chuig baill eile nó earraí á mbailiú acu uathu.

Ní chaithfidh baill seoladh cruinn dá dteach ná dá ngnó a thabhairt agus is féidir leo socruithe a dhéanamh chun earraí a fheiceáil nó a bhailiú ar a dtéarmaí féin le páirtí a bhfuil spéis acu iontu. 

Roinnt leideanna maidir le trádáil go sábháilte:

• Mura mbeithfeá ar do shuaimhneas faoi thrádail a dhéanamh sa bhaile nó ag d’ionad oibre déan socrú le bualadh le chéile áit níos feiliúnai. 

• Má tá cuireadh á thabhairt agat do dhuine éigin teacht chuig do theach chun earra a fheiceáil nó a thógáil mholfaimis go mbeadh duine eile den teaghlach nó aontíosach ann an lá sin. 

• Pléigh an t-earra agus an spéis atá acu ann leis an duine a bhfuil spéis acu san earra roimh ré.  Bí cúramach más gá ó thaobh an duine a ndéanann tú socrú bualadh leo chun an t-earra a chur ar aghaidh chucu.


Más mian leat ceisteanna slándála maidir le teagmháil trádála a phlé bí i dteagmháil leis an bhfoireann bhainistíochta ag info@freetradeireland.ie 


C7. Conas a bhunaím cuardach sábháilte?

Tapaíonn úsáideoirí a thugann cuairt ar an suíomh gréasáin an deis chun earraí a thógáil an-sciobtha ó Free Trade Ireland.

D’fhéadfadh é seo a bheith bambairneach agus mealltach do roinnt úsáideoirí.   Ionas nach gcaillfeadh tú earra a bhfuil tú ag iarraidh, tá gné do chuardach sábháilte ag FreeTrade Ireland agus leis seo seolfar ríomhphost nó fotha rss chugat ar an bpointe ag fógairt an earra shuimiúil.

Tá an rogha ag úsáideoirí cláraithe cuardach faoi leith a ainmniú agus a shábháil ina gcuntas úsáideora le haghaidh úsáide sa todhchaí. 

Is féidir leat critéar roghnúcháin sonrach a chur isteach san inneall cuardaigh i gcomhar earra áirithe a bhfuil tú ag iarraidh.   

Féadtar an critéar cuardaigh a ainmniú agus a shábháil ansin, agus cuirfear ar an eolas tú nuair atá postálacha ag meaitseáil do chritéir chuardaigh.


C8. Cé a bhainfidh leas as Free Trade Ireland?

Le hearraí a úsáid tríd an t-seirbhís Free Trade, beidh buntáiste ann don chomhshaol, d’athrú aeráide, agus do na hÚdaráis Áitiúla, ach is iad na daoine a úsáideann an t-seirbhís a bhainfidh an leas is mó as.   Leis an bhfeidhmiú, cuirfear bealach atá éifeachtach ó thaobh costais de ar fáil d’úsáideoirí chun a n-earraí nach bhfuil siad ag iarraidh a bhainistiú agus atá an comhshaol á chosaint.    Tá leas sóisialta ag an seirbhís freisin mar cothaítear fuinneamh dea-thola sa phobal. 


C9. An féidir liom earraí a phostáil le díol?

Is tionscnamh poiblí é FreeTrade Ireland arna maoiniú ag na hÚdaráis Áitiúla agus tá sé saor in aisce do gach duine dul isteach ann agus é a úsaid. 
Is é éiteas an suímh ná ath-úsáid d’earraí a spreagadh, an comhshaol a chosaint agus meanma pobail a chothú agus ní seirbhís é le haghaidh ghnóthú tráchtála.  Ní chuirtear suas le postálacha tráchtála a dhíolann nó a fhógraíonn earraí nó seirbhísí ar an suíomh gréasáin i gcúinse ar bith.  

Má postáiltear postálacha tráchtála ar an suíomh gréasáin, déanfaidh foireann Free Trade Ireland na gníomhartha seo a leanas:

• Bainfear an t-earra ar an bpointe ó FREE Trade;

• Scriosfar cuntas an úsáideora;

• D’fhéadfadh cosc buan a chur ar an Úsáideoir cuntas a chlárú ar FreeTrade Ireland. 

• D'fhéadfaí ainmneacha na mí-úsáideoirí leanúnacha den choinníoll seo a thabhairt dá soláthraí seirbhíse idirlín mar gheall ar mhí-úsáid idirlín.

Is í an príomhchúis le rath na seirbhíse ná dílseacht agus meon dár n-Úsáideoirí a ghlacann go hiomlán le héiteas na seirbhíse.

Mar thoradh air seo, beidh FreeTrade SAOR IN AISCE i gcónaí!!  


C10. An féidir ainmhithe nó peataí a phostáil ar an suíomh gréasáin?

Tá beartas an-dian i bhfeidhm ag FreeTrade Ireland maidir le postálacha ar an suíomh gréasáin a tháirgeann peataí nó ainmhithe. 
Bainfidh ár riarthóir na suímh gréasáin aon phostálacha a tháirgeann ainmhithe nó peataí as an suíomh geasáin ar an bpointe agus seolfar ríomhphost rabhaidh don Úsáideoir cláraithe. 
Scriosfar cuntas na n-úsáideoirí a leanann orthu earraí dá leithéid sin a phostáil.
Má tá peata nó ainmhí agat a dteastaíonn baile nua dó, déan teagmháil le do thoil le Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe (http://www.ispca.ie/ ) nó le do mhaor ainmhithe áitiúil.

 

iPhone App Download

Download our Free Android App!

©2010 Ireland Waste. All rights reserved. Privacy Policy | User Agreement (Disclaimer) | Accessibility Statement

Designed and Developed by Loman Cusack Design

Help: Search

To search for a particular item select the type of item, category and subcategory from the list of options provided.
You can widen out your search by selecting the all option in either of these categories. Also select your county/city and a suitable location from the drop down menu.
Select a suitable distance which you are willing to travel to pick up an item.
Click the advanced search to view results.

A quick search is also possible by entering a keyword e.g. coffee table, in the relevant field and clicking search.

If you are interested in viewing notices uploaded by other users enter the relevant selection as described previously, tick the wanted box and click the advanced search button. Users who have uploaded notices matching your selections will be displayed.

Help: Save Search

To save your search selections, you must be logged in.
If you are not a member of the website you cannot save searches.
Becoming a member is simple and free and takes less than a minute.
Use "Register here for FREE" link in right column.

0.13860607147217